Search This Site

19 Nollaig 2011: Admhaíonn an tOmbudsman Pinsean gur bhliain dheacair a bhí i 2011 ó thaobh pinsean de..

Admhaíonn an tOmbudsman Pinsean gur bhliain dheacair a bhí i 2011 ó thaobh pinsean de.

Admhaíonn an tOmbudsman Pinsean, Paul Kenny, gur bhliain dheacair eile a bhí i 2011 ó thaobh pinsean agus infheistíochtaí de agus aibhsíonn sé an obair atá déanta ag an Oifig chun cuidiú le daoine aonair réiteach a fháil ar na gearáin atáacu maidir lena bpinsin.
Molann an tOmbudsman Pinsean úsáid a bhaint as idirghabháil luath agus as eadráin chun na haighnis a chuirtear faoina bhráid a réiteach. Ní gá go rachadh gach gearán chomh fada le Cinneadh agus tig leis an idirghabháil luath cosc a chur ar an deacracht a dhul i ndonacht in amanna.

Leagann an tOmbudsman Pinsean béim faoin ról tábhachtach atá ag cumarsáid bhreá shoiléir idir na páirtithe go háirithe chun cúnamh a thabhairt do chomhaltaí cineál a sochair a thuiscint agus chun iad a spreagadh le bheith páirteach ar bhonn gníomhach ina mbainistiú. Ba chóir go gcinnteodh na socruithe bainistithe pinsin sin go mbeadh an fhaisnéis a chuireann siad ar fáil do chomhaltaí soiléir agus cruinn agus gur féidir bheith muiníneach aisti.

Ina theannta sin tá sé ríthábhachtach go mbeadh foighid ag comhaltaí scéime pinsin chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil dóibh maidir leis an scéim agus chun tuiscint a fháil ar chineál agus ar luach a dteidlíochtaí pinsin.

Tá achoimre cásanna ar shuíomh idirlín an Ombudsman Pinsean (www.pensionsombudsman.ie) a thugann blas d’éagsúlacht agus de chineálacha na n-aighneas a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman Pinsean agus de na bearta a ghlactar chun iad a réiteach. Samplaí de na cásanna sin a aibhsíonn a riachtanaí is atá an dea-chumarsáid is ea:

Laghduithe ar Phinsean Seirbhíse Poiblí agus Orduithe Coigeartaithe Pinsin

Tháinig an gearán seo ó fhostaí sa tseirbhís phoiblí atá éirithe as agus a bhfuil a phinsean faoi réir Ordú Coigeartaithe Pinsin (OCP) faoina n-íocadh cuid dá phinsean lena iarbhean chéile. Lean an Roinn Rialtais a bhí ag íoc a phinsean de íocaíocht neamhlaghdaithe a íoc lena iarbhean chéile in ainneoin go raibh an pinsean faoi réir an laghdaithe a d’ordaigh an Rialtais ó 1 Eanáir 2011. Chuaigh sé i bhfad sular thug na húdaráis faoi deara nach raibh ann ach pinsean amháin agus go raibh beirt á fháil. Céatadán sonraithe “specified percentage” an fhoclaíocht a luaitear le OCP. De réir loighce atá sí, má ardaítear nó má íslítear an pinsean, nach mór an t-ardúagus an t-ísliúcéanna a dhéanamh leis an méid atá iníoctha faoin OCP agus níor leisc leo riamh san am atá caite méadaithe sa phinsean a íoc leis an iarbhean chéile. Rinne mé idirbheartaíocht agus anois ina diaidh sin tá an pinsean ceart á fháil ag an bhfear ag  agus tá riaráistí cothrom le 23 íocaíocht choicísiúla dlite dó. Níl aon amhras ach go bhfaighidh mé gearán óna iarbhean chéile nuair a thosóidh siad ag athghabháil na ró-íocaíochtaía fuair sí!

OibríTógála
Bhí míriarachán curtha i leith fostóra a fhir chéile bhásaithe ag an ngearánaí sa mhéid is nár chláraigh an fostóir é mar chomhalta de Scéim Pinsin na nOibrithe Tógála agus nach raibh aon sochar báis iníoctha ón scéim dá thoradh sin tráth ar bhásaigh a fear céile.

Rinneadh imscrúdú agus cinneadh gur fhostaí dlisteanach faoin scéim a bhí in fhear céile an ghearánaí iarbhír, go raibh sé san fhostaíocht mar a dúradh agus gur loic ar an bhfostóir é a chlárú leis an scéim agus na ranníocaíochtaí riachtanacha a íoc.Rinne mé cinneadh i bhfabhar an ghearánaí agus d’ordaigh mé an fostóir méid ab ionann agus an sochar báis a bhí iníoctha faoin scéim a íoc. Bhí na cleithiúnaithe ar baineadh díobh príomhdhuine cothaithe an teaghlaigh thar bheith so-ghonta sna himthosca.

Diúltaíodh don Luathdháta Pinsin a Bhí Geallta

Tháinig seacht gcinn de ghearáin ó ghrúpa fostaithe iomarcacha ar dúradh leo go neamhbhalbh tráth ar dearnadh iomarcach iad go n-íocfar a bpinsean leo nuair a bheadh 60 bliain slán acu seachas nuair a bheadh 65 bhliain slán acu. Ní raibh rialacha na scéime leasaithe ag na hiontaobhaithe áfach agus ba chosúil go raibh siad ag dui ar iontaoibh rialach maidir le luathscoir chun éifeacht a thabhairt do ghealltanas an fhostóra. Nuair a bhí 60 bliain slán ag an gcéad chomhalta bhí an scéim dócmhainneach agus diúltaigh na hiontaobhaithe an íocaíocht a dhéanamh. Ba léir ón fhianaise nach raibh aon choinníoll ag gabháil leis an ngealltanas agus rud ba ríthábhachtach, ní raibh soláthar déanta ag achtúire na scéime d’athluacháil reachtúil na sochar ach chomh fada le 60 bliain d’aois. Chuathas i dteagmháil leis an bhfostóir agus lena chomhairleoirí dlí agus chuathas i mbun idirbheartaíochta leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ina dhiaidh sin thángthas ar shocrú a d'fhág go rabhthas in ann na sochair a íoc láithreach.

Trácht:Is minic a dhiúltaítear do luathscoir – agus is ceart – nuair a bhíonn scéimeanna dócmhainneach. Ar an dea-uair sa chás seo bhí an fostóir go breá acmhainneach agus in ann lámh agus focal a thabhairt don réiteach a beartaíodh.

Seasadh le Gearán FSS

Faighim go leor gearán ó fhostaithe sa tseirbhís phoiblí ar mian leo go mbeadh íocaíochtaí ragoibre cuimsithe i ríomh a sochar ar éirí as dóibh. Foráiltear i Scéim Aoisliúntais an Rialtais Áitiúil nach gnách go gcúimsítear ragobair i ríomh sochar agus nach ndéantar sin ach amháin in imthosca áirithe atá sonraithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gciorclán a eisíodh i 1991. De réir an taithí atá agam tá roinnt eagraíochtaí san earnáil phoiblí nach dtuigeann ciorclán an Aire nó a bhfuil dul amú orthu sa tuiscint a bhaineann siad as.

Sheas mé le gearán ó iarfhostaí FSS níos luaithe sa bhliain seo a shíl go raibh an ragobair a rinne sé ag teacht leis na coinníollacha a n-éilítear a sásamh chun críche pinsin. Bhí diúltaithe dá iarratas ag FSS ar an bhforas nach ragobair éigeantach a bhí i gceist.

Bíonn dul amú orthu go minic sa tseirbhís phoiblí agus iad ag ceapadh gur gá go mbeadh ragobair éigeantach lena meas mar inphinsin. Ar na himthosca atá sonraithe i gciorclán an Aire áfach cuirtear san áireamh ragobair nach bhfuil éigeantach agus nocht scrúdú cuimsitheach a rinneadh ar ragobair an iarfhostaí FSS gurbh ionann go díreach na himthosca a bhain léi agus iadsan a éilítear le bheith inphinsin.

Diúltaíodh Ráiteas Pinsin a Chomhlánú

Is minic a sheolann iontaobhaithe agus riarthóirí scéime pinsin foirmeacha amach chuig pinsinéirí lena gcomhlánú; ráiteas pinsin ba theideal don fhoirm sa chás áirithe seo (uaireanta glaoitear teastas marthana uirthi). Cuspóir na foirme is ea a chinntiú go bhfuil an pinsean á íoc le duine a bhfuil ina theideal. Ghearáin pinsinéir nach raibh sí in ann a hainm a chur faoin doiciméad a cuireadh faoina bráid. Sa chás áirithe rinne an ghníomhaireacht iarracht úsáid a bhaint as an teastas chun críocha eile agus bhí téacs ann nach raibh baint aige le himthosca an phinsinéara sin agus ba chúis buartha di an fhoclaíocht a bhí ann sa mhéid is go raibh an chiall le baint as gurbh fhéidir cosc a chur lena pinsean. I ndiaidh dom idirbheartaíocht a dhéanamh rinneadh an fhoirm a athdhearadh.

Nóta d’Eagarthóirí

Déanann an tOmbudsman Pinsean imscrúdú ar mhodh neamhspleách agus neamhchlaonta ar ghearáin ina bhfuil caillteanas airgid i gceist ar cúis leis míriarachán agus aighnis fíorais nó dlí maidir le scéimeanna pinsean ceirde, le Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSPanna) agus le Conarthaí Blianachta Scoir Iontaobhais (CBSanna). Féadfaidh sé costais a dhámhachtain i gcás caillteanas airgid. Is oifigeach reachtúil é agus feidhmíonn sé a fheidhmeanna go neamhspleách ar an rialtas agus ar thionscal na bpinsean. Tuairiscíonn sé do Thithe an Oireachtais. Ní íocann an gearánaí aonair aon chostas maidir leis an tseirbhís sin.

Is é Paul Kenny an tOmbudsman Pinsean. Ceapadh é ina Ombudsman in Aibreán 2003.

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait téigh i dteagmháil le Paul Kenny, an tOmbudsman Pinsean ag (01) 647 1650, nó breathnaigh www.pensionsombudsman.ie

19 Nollaig 2011

Críoch.