Eolas anseo.
Tá Oifig Fhear an Phobail um Pinsin faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF), 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 agus faoi réir Alt 23 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 2003 agus an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 (Comhlachtaí Forordaithe) Rialúcháin 2006 (I.R. Uimh. 297 de 2006).
Suíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise trí cheart reachtúla nua:
ceart rochtana de réir an dlí ag gach duine ar fhaisnéis atá coinnithe ag comhlachtaí poiblí:
ceart de réir an dlí ag gach duine a iarraidh go leasófaí faisnéis oifigiúil a bhaineann leis nó léi nuair atá an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
ceart de réir an dlí ag gach duine a iarraidh go léireofaí dó/di cúiseanna le cinntí a dhéanann difear don duine.
Tá na cearta seo srianta áfach i gcás Oifig Fhear an Phobail um Pinsin, sa mhéid is go n-eisiaitearr ó fheidhm fhorálacha an Achta SF de réir Alt 46(1)(c)(v) d'Acht SF na bliana, 1997 (arna chur isteach ag Alt 23(b) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 2003, taifid a bhaineann le himscrúdú nó le fiosrúchán a dhéanann Fear an Phobail um Pinsin faoi Acht na bPinsean 1990.
Beidh taifid eile – mar shampla iadsan a bhaineann le riarachán na hOifige, nó le cúrsaí pearsanra, nó le teagmhálacha ginearálta le comhlachtaí poiblí – ar fáil faoin Acht SF (faoi réir ghnáthfhorálacha an Achta sin).
Foráiltear san Acht SF do cheart athbhreithnithe agus ina dhiaidh do cheart achomhairc sa chás nach bhfuil an duine sásta leis an gcinneadh. Bheadh ceart athbhreithnithe agus achomhairc i gceist freisin i gcás gur cuireadh siar an cead rochtana, nó i dtaca le méid na dtáillí a iarradh, nó i ndáil leis an bhfoirm a gcomhlíontar an t-iarratas, m.sh. má ba mhian leis an iarratasóir an fhaisnéis a fháil ar dhiosca ríomhaire ach go gcinneann an comhlacht í a chur ar fáil i bhfoirm fótachóipe. Tá mionsonraí na meicníochta athbhreithnithe/achomhairc maidir le hOifig Fhear an Phobail um Pinsin leagtha amach anseo thíos.
Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarraidh maidir leis an gcinneadh tosaigh; is oifigeach ag leibhéal níos airde a dhéanfaidh sin más amhlaidh:
1.go bhfuil tú míshásta leis an bhfreagra tosaigh a fuair tú, is é sin diúltú d’iarratas, foirm rochtana, táillí, nó
2. . nach bhfuil freagra ar d’iarratas faighte agat laistigh de cheithre seachtaine ón dáta ar cuireadh isteach é (meastar gur diúltú ar iarratas é sin agus ceadaítear duit dul ar aghaidh leis an iarratas ar athbhreithniúinmheánach).
Joe Dempsey,
Oifig Fhear an Phobail um Pinsin,
36 Sráid an Mhóta Uachtarach,
| Cineál an Iarratais | Táille Chaighdeánach * | Táille Laghdaithe** |
|---|---|---|
| Iarratas tosaigh faoi Alt 7 den Acht | €15 | €10 |
| Achomharc Inmheánach faoi Alt 14 den Acht | €75 | €25 |
| Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise faoi Alt 34 | €150 | €50 |
| Iarratas ar fhaisnéis phearsanta faoi Alt 7 | Saor in aisce | Saor in aisce |
| Iarratas ar leasú ar thaifead ina bhfuil faisnéis mhícheart | Saor in aisce | Saor in aisce |
| Iarratas ar chúiseanna le cinntí a dhéanann difear do dhuine aonair | Saor in aisce | Saor in aisce |
|
Cur síos
|
Táille
|
|---|---|
| Cuardach agus Aisghabháil | €20.95 in aghaidh na huaire |
|
Cóipeáil – fótachóip in aghaidh na bileoige
|
€0.04 |
| Cóipeáil – diosca flapach | €0.51 |
| Cóipeáil - CD Rom | €10.16 |
|
Cóipeáil - radagraf |
€6.35 |
Lámhleabhair maidir le hAilt 15 agus 16